Príomhanailísí Sinsearach

4 weeks ago


Ireland EirGrid plc Full time
Príomhanailísí Sinsearach – Oibreoir Margaidh / Senior Lead Analyst - Market Operations (E2024196)

Is sinne na daoine atá taobh thiar d’eangach leictreachais na hÉireann. Ach ní hé sin go léir, táimid anois ag athrú an chórais cumhachta do na glúine atá le teacht. Táimid ag díriú ar shábháilteacht, ar shlándáil agus ar iontaofacht. An timpeallacht oibre atá againn, tá sí dúshlánach, gluaiseann sí go tapa, tá sí comhoibritheach agus tá sí dírithe ar an bhfoireann. Is í an fheidhmíocht, an t-eolas agus an fhorbairt leanúnach a thiomáineann ár gcultúr. Agus níl ansin ach tús ár scéil. Táimid anois ag athrú an chórais chumhachta do na glúine atá le teacht.

Ní raibh cuma chomh spreagúil riamh cheana ar ár dtodhchaí. Agus is deis iontach é seo a bheith mar chuid di. Tá an domhan réidh le hathrú. Má tá tú chomh maith, déan teagmháil linn.

An Deis
Tá deis againn Príomh-Anailísithe Sinsearacha a chur leis an bhfoireann Oibríochtaí Margaidh. Tá sé ríthábhachtach cultúr feabhais leanúnaigh a chruthú a spreagann nuálaíocht theicniúil agus nuálaíocht phróisis chun a bheith táirgiúil sna róil sin agus beidh ról lárnach ag na hiarrthóirí a n-éireoidh leo maidir le hathrú claochlaitheach a chur chun cinn agus tacú leis ar fud na Stiúrthóireachta.
Oibríonn an ról seo go comhoibríoch ar fud an Ghrúpa, ag dul i dteagmháil go héifeachtach le príomhpháirtithe leasmhara, chun an t-athrú is gá a dhéanamh chun ár n-uaillmhianta straitéiseacha a bhaint amach.

Éilíonn an ról ceannaire oibriúcháin sinsearach atá nuálach, dírithe ar réitigh, athléimneach agus spreagtha agus a mbeidh ról lárnach aige chun barr feabhais oibríochtúil a chinntiú ar fud an aistrithe chuig todhchaí fuinnimh ísealcharbóin.

Príomhfhreagrachtaí
  • Ionadaíocht a dhéanamh don Oibreoir Margaidh (MO) i gCoistí Margaidh Eorpacha agus i Meithleacha a bhainistíonn caidrimh leis na Malartuithe Cumhachta Eorpacha, Tarchur.
  • Úinéir gnó na gcomhaontuithe cliant Eorpacha agus na gconarthaí seirbhíse Eorpacha.
  • An obair anailíseach is gá a stiúradh agus a chur i gcrích chun tacú le pleanáil agus oibriú an mhargaidh aonair leictreachais, idir dearadh agus cur chun feidhme agus tacú leis na feidhmeanna oibriú an mhargaidh ex ante, Nochtadh maidir le Meascán Breosla agus Ráthaíochtaí Tionscnaimh.
  • Gníomhú mar cheannaire teicniúil d’eisiúint Margaí Ex-Ante, Nochtadh maidir le Meascán Breosla agus Ráthaíochtaí Tionscnaimh do gach mórchlár oibre margaidh agus córais atá bunaithe ar bheartais agus reachtaíocht náisiúnta nó Eorpach a chur chun feidhme – lena n-áirítear Todhchaí an Leictreachais a Mhúnlú, Ath-lánpháirtiú le margadh an Aontais, an Plean Gníomhaíochta don Aeráid agus an Pacáiste um Fhuinneamh Glan.
  • Tionscadail, idir theicniúil agus/nó tráchtála, a stiúradh, a chur i gcrích agus a thuairisciú, ar tionscadail iad atá ceaptha chun spriocanna rialáilte a bhaint amach agus chun freastal ar riachtanais na bpáirtithe leasmhara i gcomhréir le ceanglais na Stiúrthóireachta Oibríochta amhail:
  • Bainistiú Ceantanna
  • Dearadh agus Comhtháthú an Mhargaidh
  • Faireachán agus Faireachas Margaidh
  • Athrú agus Bainistíocht Tionscadal
  • An próiseas modhnuithe a stiúradh le haghaidh Rialacha SEMOpx agus ionchur na nOibreoirí Margaidh i gCód an Mhargaidh Acmhainneachta agus i dTéarmaí agus Coinníollacha RESS a éascú. Áirítear leis sin athruithe ar rialacha a dhréachtú, anailís theicniúil/airgeadais agus rannpháirtíocht a stiúradh leis na hÚdaráis Rialála agus le Rannpháirtithe sa Mhargadh.
  • Cur chun feidhme an athraithe oibríochtúil a eascraíonn as cóid agus coinníollacha a fhorghníomhú, lena n-áirítear na Cóid Ghréasáin Eorpacha, an Pacáiste Fuinnimh Ghlain, an Cód Trádála agus Socraíochta, Cód an Mhargaidh Acmhainneachta agus Téarmaí agus Coinníollacha RESS, chomh maith lena gcothabháil a bhainistiú.
  • Rannpháirtíocht, tionchar agus comhordú a threorú lenár bpríomhchustaiméirí agus lenár bpríomhpháirtithe leasmhara chun ár straitéis a chur i bhfeidhm. Áirítear leis sin oibriú le lucht tionscail, le rannpháirtithe sa mhargadh, le Ranna Rialtais, leis na hÚdaráis Rialála, le hOibreoirí Margaidh Eorpacha agus le réimsí eile laistigh de Ghrúpa EirGrid chun forbairt agus oibriú margaidh a chur i gcrích ar bhealach cost-éifeachtúil agus trédhearcach.
  • Stiúradh a dhéanamh ar an obair chun ár nOiliúint agus Forbairt Cumais a Fhorbairt.
  • Feidhmiú mar chomhéadan do gach forbairt teicneolaíochta a bhaineann leis an margadh.
  • Tacú le gníomhaíochtaí iniúchóireachta a bhaineann le Rialacha SEMOpx.
  • Uirlisí dea-chleachtais, próisis ghnó agus socruithe tuairiscithe a fhorbairt agus a chothabháil chun tacú leis an méid thuas.
  • Meantóireacht / oiliúint agus tacaíocht saineolais ábhair a chur ar fáil do dhaoine eile.
Eolas fút féin
Beidh na nithe seo a leanas ag na hiarrthóirí a n-éireoidh leo:
  • Cáilíocht ábhartha tríú leibhéal, de ghnáth 6+ bliana de thaithí ábhartha a bheith ann i dtimpeallacht dhúshlánach tráchtála.
  • Cumas léirithe i dtaca le bealaí oibre a fheabhsú go leanúnach.
  • Sárscileanna anailíse, breithiúnais agus réitigh fadhbanna mar aon le cumas dochloíte cinntí agus moltaí a dhéanamh i dtimpeallacht athraitheach dhinimiciúil.
  • Sárscileanna eagrúcháin, feasacht tráchtála agus cuntas teiste cruthaithe maidir le seachadadh.
  • Cumas oibriú go héifeachtach mar chuid d'fhoireann, solúbtha agus in ann a dtionscnamh féin a úsáid chun a dtionscadail féin a fhorbairt agus a chur i gcrích agus iad faoi mhaoirseacht íosta.
  • Taithí fhairsing ar shruthanna suntasacha tionscadail agus rannpháirtíochtaí rialála a stiúradh go rathúil.
  • Taithí chruthaithe ar fheabhas a chur ar phróisis, ar bhainistíocht athruithe agus ar ghnáth-thascanna a uathoibriú i ngnólachtaí oibríochtúla.
Fostóir Comhdheiseanna is ea EirGrid

Má cheapann tú go bhfuil na scileanna agus an taithí ábhartha agat don ról seo, iarrtar ort do CV agus litir chumhdaigh a uaslódáil. Ba bhreá linn scéala a fháil uait.

If you believe you have the skills and experience relevant for this position, please upload your CV and a cover letter. We want to hear from you.

Dáta deiridh d’iarratais/ Closing date for applications:
21/08/2024

Fostóir Comhdheiseanna is ea EirGrid
EirGrid is an Equal Opportunities Employer #J-18808-Ljbffr