Clár Intéirneachta RTÉ 2025

2 days ago

Dublin, Ireland Raidió Teilifís Éireann Full time

Tugann Clár Intéirneachta RTÉ deis iontach duit tús maith a chur le do ghairm i dtionscal na meán cumarsáide agus i dtionscal na cruthaitheachta, barr feabhais a chur ar scileanna riachtanacha agus comhoibriú le criúnna agus foirne eisceachtúla RTÉ.

Cuireann an intéirneacht seo taithí phraiticiúil ar fáil sna rannóga seo a leanas: Radio 1, Nuacht agus Cúrsaí Reatha, Cláracha Gaeilge, Raidió na Gaeltachta, Nuacht RTÉ TG4, Spórt, na Meáin Shóisialta, an tSaotharlann (The Lab) agus an RTÉ Player. Clúdaíonn oiliúint chuimsitheach na intéirneachta cruthú ábhar, teicnící léirithe, scéalaíocht dhigiteach, smaointe a spreagadh agus scileanna cur i láthair.

Le linn do shocrúcháin, gheobhaidh tú taithí ar thaighde, léiriú, cruthú ábhar, eagarthóireacht, cumarsáid, riarachán agus obair foirne agus tú ag cur do chuid tascanna laethúla i gcrích.

An Próiseas Iarratais

Comhlánaigh an fhoirm iarratais chun beagán a insint dúinn fút féin agus do chuid cruthaitheachta a chur faoinár mbráid. Níl aon CV ná litir chumhdaigh ag teastáil. Is gá duit an t-iarratas a líonadh le bheith san áireamh do cheann de na hintéireachtaí cruthú ábhar (trí mheán an Bhéarla).

Cuirimid fáilte roimh iarrthóirí ón nGaeltacht cur isteach ar na poist seo.

Más mian leat cur isteach ar intéirneacht le Teicneolaíocht RTÉ nó le Rannóg Tráchtála RTÉ, cliceáil anseo: Vacancies – About RTÉ.

Is é meánoíche ar an 16ú Feabhra 2025 an spriocdhátad’iarratais intéirneachta.

Beidh lá measúnaithe le haghaidh gach ról ar siúl ar an láthair i mBaile Átha Cliath Dé Luain an 31 Márta. Ar an drochuair, ní bheidh aon dátaí eile ar fáil. Beidh comhrá gearr ar líne ann ansin Dé Máirt an 1 Aibreán.

Céard a chuirfimid ar fáil?

Cuireann an intéirneacht íoctha seo conradh 6 mhí ar théarma seasta le RTÉ ar fáil chomh maith le tuarastal €30,113 sa bhliain pro rata. Le linn d’intéirneachta, cuirfidh meantóir RTÉ tacaíocht rialta ar fáil ar mhaithe le d’fhorbairt ghairmiúil.

Tar éis d'oiliúna tosaigh, dáilfear na róil éagsúla. Ina measc, tá Radio 1, Nuacht & Cúrsaí Reatha, Cláracha Gaeilge, Raidió na Gaeltachta, Nuacht RTÉ TG4, Spórt, na Meáin Shóisialta, An tSaotharlann (The Lab) agus an RTÉ Player.

Oibreoidh ár n-intéirnigh Spóirt ar gach gné d’ár n-ábhar spóirt, ar gach ardán agus i réimse ról. Tá RTÉ Spórt, i gcomhpháirt le Spórt Éireann, agus mar chuid dá dtogra Mná sa Spórt, ar lorg iarratas uathu siúd atá tiomanta i leith clúdach spóirt in Éirinn a fhorbairt agus a éagsúlú.

Tá Éagsúlacht agus Ionchuimsiú i gcroílár gach a dhéanaimid – ar an scáileán agus ar a chúl. Táimid tiomanta i leith timpeallacht níos ionchuimsithí a chruthú agus dul i ngleic leis an ngannionadaíocht, agus muid ag cinntiú go bhfuil cuimsiú go daingean i ngach céim d’aistear an fhostaí. Cuirimid fáilte roimh iarratais ó dhaoine as gach pobal agus gach cúlra.

Cuirimid fáilte roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí ilghnéitheacha acu, gan aird a thabhairt ar chúrsaí inscne, ar chlaonadh gnéis, ar fhéiniúlacht inscne, ar aois, ar thaithí sóisialta, ar chine agus ar eitneacht, ar mhíchumas, ar stádas sibhialta agus teaghlaigh, ar chreideamh reiligiúnach ná ar bhallraíocht den Lucht Siúil.

Ar mhaith leat tuilleadh a fhoghlaim faoi Chlár Intéirneachta RTÉ?

Bí páirteach i seimineáir ghréasáin 2025 faoinár gclár intéirneachta:

Déanfar na seimineáir seo a óstáil ar Microsoft Teams. Chun freastal, ní mór duit clárú roimh ré agus a chinntiú go bhfuil rochtain agat ar Microsoft Teams, tríd an aip nó trí bhrabhsálaí gréasáin. Chun do spéis a chlárú sna seimineáir seo, cliceáil le do thoil ar na naisc thíos.

1. Déardaoin 6ú Feabhra @ 1PM (Beidh Teanga Chomharthaíochta na hEireann (ISL) ar fáil san seimineár ar-líne seo) Link
2. Déardaoin 6ú Feabhra @6pm Link
3. Dé Luain 10ú Feabhra @1PM (Cuirfear an seimineár ar líne seo ar fáil i nGaeilge agus beidh sé an-úsáideach dóibh siúd ar spéis leo na deiseanna atá againn trí Ghaeilge). Link
4. Dé Máirt 11ú Feabhra @1PM (Curtha i láthair ag Jacqui Hurley ó RTÉ Sport, beidh an seimineár ar líne seo an-úsáideach dóibh siúd ar spéis leo deiseanna intéirneachta in RTÉ Sport) Link

Chun spéis a léiriú sna seimineáir ghréasáin seo, cliceáil ar na naisc thuas.

Tacaíocht le d’iarratas agus le do mheasúnú

Ba mhaith linn tacaíocht réasúnta a chur ar fáil d’fhostaithe féideartha atá faoin aon mhíchumas. Má tá oiriúnuithe réasúnta don phróiseas iarratais ag teastáil uait nó más maith leat do riachtanais rochtana a roinnt linn, déan teagmháil linn ag internship@rte.ie.

Nótaí tábhachtacha

- Cuirfear tús leis an intéirneacht ar an Luan an 12ú Bealtaine agus críochnóidh sé ar an Aoine an 7ú Samhain 2025.
- Beidh an oiliúint do gach intéirneach ar siúl i mBaile Átha Cliath le linn uaireanta oifige ón 12ú Bealtaine go dtí an 30ú Bealtaine 2025. Is cuid bhunúsach agus éigeantach den intéirneacht í an oiliúint.
- Oibreoidh na hintéirnigh Béarla ar an láthair i mBaile Átha Cliath le linn na hintéirneachta.
- Tar éis an tréimhse oiliúna i mBaile Átha Cliath, d'fhéadfadh an taithí oibre Gaeilge a bheith i gceann de na háiteanna seo a leanas: i gConamara, Corca Dhuibhne nó sna Doirí Beaga.
- Socróidh gach rannóg uaireanta na taithí oibre. Tá solúbthacht ríthábhachtach mar d'fhéadfadh obair tráthnóna agus deireadh seachtaine a bheith riachtanach, mar aon le taisteal anois agus arís.
- Tá na dátaí socraithe, ní mór duit do chuid ama agus aire a dhíriú go hiomlán ar an taithí oibre seo. Ní bheidh sé oiriúnach don té atá ag déanamh staidéir lánaimseartha.

Is féidir tuilleadh eolais maidir le RTÉ a bheith ag láimhseáil do chuid sonraí pearsanta a fháil inár bPolasaí Príobháideachais: Polasaí Príobháideachais.

#J-18808-Ljbffr

  • Dublin, Ireland Raidió Teilifís Éireann Full time

    RTÉ’s Technology Internship is an opportunity to learn and contribute to the technological transformation of Ireland’s national broadcaster. Every week, RTÉ has 2.8 million viewers and 2 million listeners with 8.4 million users joining us monthly online. To continue delivering relevant and high-quality stories, news, information and entertainment to...

  • Dublin, Ireland Raidió Teilifís Éireann Full time

    RTÉ is Ireland's national public-service media organisation. A leader in Irish media, RTÉ provides comprehensive, cost-effective, free-to-air multi-media services to the public in Ireland and interested audiences internationally. RTÉ’s strategy and vision positions the organisation to champion culture in Ireland, captivate audiences with trusted and...

  • Dublin, Ireland Raidió Teilifís Éireann Full time

    RTÉ is Ireland’s National Public-Service Media Organisation. A leader in Irish media, RTÉ provides comprehensive, cost-effective, free-to-air multi-media services to the public in Ireland and Internationally. RTÉ is seeking a Multimedia Co-Ordinator to join the RTÉ Player User Success team. If you are highly organized, passionate about streaming TV...

  • Dublin, Ireland Raidió Teilifís Éireann Full time

    RTÉ is Ireland's national public-service media organisation. We are embarking upon an ambitious and exciting 5-year transformation strategy to update the way we run the organisation. Our mission is to serve as an independent source of stories, news, information and entertainment for Ireland, reflecting the diversity of its people and providing experiences...

  • Dublin, Ireland CPL Full time

    About Coimisiún na Meán Coimisiún na Meán are implementing a new regulatory regime for online safety. As well as protecting people in Ireland from online harms, we will be the regulator for the whole of Europe for the many large online platforms whose European headquarters are in Ireland – working closely with the European Commission and our...

  • Dublin, Ireland Cpl Healthcare Full time